
‘Ag Tosú’ – Gaelscoileanna
Cé?
Tá an seisiún oiliúna seo deartha chun tacú le scoileanna SPEISIALTA, idir iarratasóirí nua agus scoileanna athnuachana, atá ag obair i dtreo an Bhrait Scoile Gníomhaí (BSG) i gcaitheamh 20/21. B’fhéidir go gcuirfeadh scoileanna príomhshrutha a bhfuil ranganna speisialta iontu spéis ann freisin.
Tabharfar comhairle phraiticiúil faoin gcaoi ar féidir le scoileanna a bheith ag obair i dtreo an BSG taobh istigh de na treoirlínte sábháilteachta reatha um COVID-19, agus díreofar ar na topaicí atá liostaithe thíos.
Cuirfear acmhainní BSG amach sa phost chuig scoileanna a ghlacann páirt in oiliúint ‘Ag Tosú’ chun tacú lena gcuid oibre.
Céard?
Seo cuid de na topaicí:
* Critéir BSG – Corpoideachas
* Sosanna Gníomhacha
* Imeachtaí Féilire Gníomhacha
* Coiste BSG
* Acmhainní agus Tacaíochtaí
Láithreoir?
Beidh na daoine seo a leanas ag éascú gach imeachta oiliúna:
* Ball den fhoireann BSG
* Ball d’fhoireann corpoideachais na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
* Comhordaitheoir scoile BSG ó Scoil Speisialta
Beidh gach duine atá ar an bpainéal ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt tríd an bhfeidhm Comhrá/Chat i gcaitheamh an tseisiúin.
Acmhainní?
Is féidir le gach scoil a bheidh i láthair iad seo a iarraidh:
* Veisteanna do Cheannairí Clóis Scoile
* Feadóga Brait Scoile Gníomhaí do Mhúinteoirí
* Ceanntásca BSG le haghaidh Cláir Fógraí
Cathain?
7-8pm, Dé Céadaoin, an 4 Samhain
Booking has now closed for this event, please email eolas@activeschoolflag.ie
